Cé hiad na daoine seo atá tugtha do ról an réiteora?
Díríonn an chraoltóir agus láithreoir spóirt Gráinne McElwain sa chlár seo ar na cúiseanna go gcloíonn réiteoirí peile Chumann Lúthchleas Gael leis an gceird acu ainneoin an dúshlán agus, go minic, an dúlagar a théann leis.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Gráinne faoin gclár agus mar a léirigh sé de mheoin na ndaoine seo.
Bhfuil taithí agat féin ó na laethanta imeartha agat ar mar a caitheadh leis na réiteoirí? Meas tú a raibh sé níos múinte ná mar atá inniu?
"Níor imir mé ach tá taithí agam leis na blianta ag dul chuig cluichí agus ag éisteacht le daoine ag caitheamh anuas ar réiteoirí agus ag tabhairt drochíde dóibh."
"Chaith m'athair seal mar réiteoir fosta agus ní raibh scéalta deasa le rá aige faoin iompar ar an pháirc ach an oiread. Glacadh leis an iompar sin agus níor déanadh mórán faoi ag leibhéal an chlub nó an contae agus mar sin, d’fhás glúinte óga suas ag ceapadh go raibh sé ceart go leor a bheith ag tabhairt amach ar an pháirc, ón taobhlíne agus ó na seastáin."
"Ní raibh sé riamh ceart agus níl sé ceart anois. Is dócha le dul chun cinn na meáin shóisialta, cloiseann tú agus feiceann tú níos mó eachtraí atá ag dul ar aghaidh. Ach tá freagracht ag gach duine as a n-iompar féin agus cuireann an drochiompar ó dhaoine isteach go mór ar na réiteoirí. Ag deireadh an lae, is gnáth daoine iad agus ní róbait."
Agus tú ag obair mar chraoltóir cois páirce, raibh aiféala ort fé mar a chaití le réiteoirí? Sampla ar leith?
"Bím an-bháúil do na réiteoirí mar tá a fhios agam cé chomh deacair is atá sé a jab a dhéanamh. Is post an uaigneach, aonarach é."
"Bíonn sé doiligh dóibh nuair a dhéantar botúin nó nuair nach bhfuil an cinneadh a rinne siad ag dul leis an fhoireann bhaile go háirithe."
"Bíonn imní orm dóibh in amantí agus iad ag