Brú, Bruíon agus cás na mBan: Louise Ní Mhuircheartaigh
Labhair Louise Ní Mhuircheartaigh, imreoir peile de chuid Chiarraí ar an gclár An Saol Ó Dheas mar gheall ar a mbua agus faoi chás na mban sa CLG.
Deir Louise Ní Mhuircheartaigh go b'é an sprioc atá aici i gconaí ná cluiche ceannais na hÉireann a bhuachaint. D'admhaigh Ní Mhuircheartaigh go bhfuil 'an dúil níos mó ná mar a bhí ariamh'. Chiallaigh an bua is déanaí go bhfuil an fhoireann ar ais i Roinn a hAon ach go ndéanadar an beart sa deich nóiméad deireanach.
Tá Louise ag imirt le Ciarraí ón mbliain sa bhliain 2008 agus cé go bhfuil sí ann le fada, deir sí gur ag na mná óga a thugann an misneach dóibh siúd atá sinsearach ar an bhfoireann. Luaigh sí go bhfuil an cheangail idir na mná ag imirt le chéile an speisialta agus láidir i mbliana. Cé go bhfuil brú ar Louise a háit a choinneáil, deir sí nach dtagann an brú ó éinne eile seachas í féin.
Tá an cluiche ag forbairt agus ag fás ó thosaigh Louise ag imirt agus cuireann sin go mór leis an eispéaras a bhíonn ag na himreoirí a deir Louise. Deir Louise cé go bhfuil cursaí dulta i bhfeabhas do mhná an spóirt ach mar sin féin, ach gur mór an trua ná bíonn áiseanna CLG ar na Coirríní ar fáil don bhfoireann níos minicí chun traenála.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00