An Lowdown ag Tráchtaire Raidió na Gaeltachta Damien Ó Dónaill
Bímid ar fad ag braith ar an tráchtaire spóirt le cur síos a dhéanamh ar an aicsean - ach go háirithe ar an raidió chun na híomhánna a chur inár gcinn. Caidé mar sin an réiteach, an tallann agus an t-eolas gur gá bheith agat?
Beidh Damien Ó Dónaill, Tráchtaire Spóirt le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbun a chuid taithí a chleachtadh ag Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra. Anseo thíos tugann sé a léargas dúinn ar thréithe an tráchtaire.
Cad é mar a mhothaíonn sé a bheith ag obair mar thráchtaire spóirt?
"Ar an chéad dul síos, is mór an onóir atá ann a bheith ag obair mar thráchtaire spóirt. Bíonn an suíochán is fearr sa teach agat agus faigheann tú an deis tráchtaireacht a dhéanamh ar an spórt is fearr leat. Ach leis an pribhléid agus an onóir sin tagann cúraimí fosta agus tá go leor ag baint le bheith i do thráchtaire spóirt ina measc laethanta fada, taisteal, taighde, réamhullmhúcháin, trealamh agus teicneolaíocht éagsúla agus uaireanta oibre neamhshóisialta."
"...i bhfad níos deacra tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche club - ar thaobh na páirce gan eolas ceart na bhfoirne agat i gcomparáid le Cluain Eois nó Páirc an Chrócaigh, na háiseanna iontacha agus na foirne agat cruinn ceart."
"Is iomaí cóisir, ócáid teaghlaigh agus rl a chailleann tú amach orthu mar gheall ar a bheith ag obair ag an deireadh seachtaine. Deirim i gcónaí go bhfuil sé i bhfad níos deacra tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche club - tú ar thaobh na páirce agus gan eolas ceart na bhfoirne agat i gcomparáid le bheith i gCluain Eois nó i bPáirc an Chrócaigh agus na háiseanna iontacha a bhíonn curtha ar fáil duit agus na foirne agat cruinn ceart."
An bhfuil nósanna áirithe agat roimh cluichí?
"Braitheann sé sin ar an sórt cluiche agus an méid